From Hilbert Space to Dilbert Space


Previous Entry Share Next Entry
Monday night Irish Class, April 18, 2011
Irish
gmcdavid

Rang Gaeilge, 18ú lá mí Aibreáin 2011

Siopalann Mheiriceá - Aisling an Tomhaltóra!

siopalannshopping mall
aislingvision
tomhaltóirconsumerm3 gs tomhaltóra
tairbhebenefit, profit
áisiúlachtconvenience
imill = imeallborder, edge
talamhground, earth
tógálabuilding
corraímovement, stir, excitement
deascadregs, sediment, leaven
ciúinecalm, silent, still
bánúwhitening
sarbefore
sar i bhfadshortly
folmhaempty
istoícheby night
leithéidlike, counterpart, equal
Mealladh Mheiriceá
  • Ach ná bímis gruama inniu. Eitlímis trasna mhá láir Mheiriceá, thar Loch Michigan, agus thar stát Wisconsin, agus tuirlingímis i Minneapolis-St. Paul, áit a dtabharfaimid cuairt ar an Mall of America! Is cinnte gur chuala tú faoin Mall of America cheana. Osclaíodh é ar imeall chathair Mhinneapolis i 1992, i bhfobhaile de chois an aerphoirt darb ainm Bloomington, agus nuair a osclaíodh é, maíodh gurbh é an tsiopalann ba mhó ar domhan é. Má ba ea, ní hé feasta. Tagann sé sa tríú áit anois, taobh thiar de cheann in Edmonton, Ceanada, agus de cheann eile i bPennsylvania.

  • Go pearsanta, níl aon ghrá mór agam do na siopalanna seo, ach tá gá leo in áiteanna le haeráid 'mhór-roinneach' cosúil le Minneapolis, inar féidir leis an teocht titim chomh híseal le -30 Celsius sa gheimhreadh agus éirí chomh hard le 40 Celsius sa samhradh. I gceachtar cás, b'fhearr liom a bheith faoi dhíon an tí!

    go pearsantapersonally
    tá gá leothey're needed
    aeráidclimatef2
    mór-roinncontinentroinn "part, portion"
    mhór-roinneachcontinental
    mór-thírmainland
    cosúil lelike, resembling
    teochttemperature
    titfall, declinetitim ?
    íseallow
    chomh híseal le -30 Celsiusas cold as -30oCchomh X le Y "as X as Y"
    ardhigh
    ceachtareither
    díonshelter, protection, protectm1, v
    faoi dhíon an tíindoors gs of teach "house"
  • An rud is suntasaí faoin aerphort agus tú ag tuirlingt ann ná go bhfuil na comharthaí go léir as Béarla agus Seapáinis. Chuireas ceist ag an oifig eolais faoi agus dúrthas liom go dtagann an méid sin turasóirí ón tSeapáin ar chuairt go dtí an Mall of America, gur gá comharthaí a bheith san aerfort dóibh! Dar fia, níl ach 30 slat idir an t-aerfort agus an Mall of America, agus téann busanna speisialta idir an t-aerfort, na hóstáin sa cheantar, agus an tsiopalann gach cúig nóiméad. Mar sin, is féidir leat a bheith i d’óstán agus bualadh ar aghaidh go dtí an tsiopalann taobh istigh d’uair an chloig tar éis tuirlingt duit. Agus go deimhin is gnó mór iad na turasóirí. Tagann 40% de chustaiméirí na siopalainne isteach as tíortha eile - 16 mhilliún duine sa bhliain! Samhlaigh iad sin go léir ag tabhairt cuairte ar an Ilac Centre!

    is suntasaímost remarkable
    tuirlingtdescent, landing
    is[copula for large equal clauses]
    comharthasignm4
    asfrom, made out of
    SeapáinisJapanese
    cuirputchuireas "I put" (Mun.)
    oifig eolaisinformation desk
    dúrthasit was said
    tarcomepres tagann
    méidamount, quantitym4
    turasóirítourists
    need, requirement
    Dar fiaBy gum
    slatyard[measure]
    óstáinhotels??
    ceantardistrict
    bualadh ar aghaidhhead on
    clockclock
    gnóbusiness
    cuairtvisitf2
    samlaighimagine
  • Amaidí, Uisceadán agus Miondíoltóirí

    c. 400,000 m2 atá sa tsiopalann atá chomh mór sin go bhfuil páirc téama ina lár, áit a mbeadh fuarán agus suíocháin de ghnáth. Seacht n-acra atá sa pháirc, atá téamaithe as an mbealach teilifíse Nickelodeon, agus a bhfuil rollchóstóirí, roth mór, agus gach aon rud eile ann a d'fheicfeá i bpáirceanna siamsaíochta.

    amaidfoolish womanf2
    amaidírazzamatazz
    uisceadánaquariumm1
    miondíoltóirretailerm3
    m2meter2
    chomh
    téamatheme
    fuaránfountain
    suíochánseat, sitting, session
    de ghnáthas a rule
    bealach teilifísetelevision channel
    d'fheicfeáyou would see/dekha:/ 2nd pers cond of feic
    páirceanna siamsaíochtleisure parks[amusement park]
  • Tá uisceadán ann freisin, inár féidir leat siúl 100 méadar trí thollán gloine a théann isteach trí uisce an uisceadáin. Os do chionn siorcanna agus roic nimhe (stingray); timpeall ort turasóirí ag siúl. Bhí sé seo ró-aisteach dom, agus b'éigean dom éalú go tapa!

    inárin which
    síulwalk
    tríthrough
    tollán gloineglass tunnel
    siorcsharkm3
    timpeallround
    ró-aisteachtoo strange
    b'éigean domI had to
    éalúescape
    tapaquick
  • Tá an tsiopalann chomh mór sin go bhféadfá dearmad a dhéanamh ar chuspóir na háite: miondíol. Tá 520 siopa san áit, agus rachfainn i mbannaí nach mbeadh 520 i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Cibé is mian leat a cheapadh ann, beidh siopa ann duit, ó shiopa choirníní go siopa d’asarlaithe! Tá siopa amháin nach ndíolann ach Lego! Bhí siopa Éireannach, fiú amháin (gan arán sóid, faraor, ach lán le seodra, caipíní speice, agus le pictiúirí sléibhte). Gan trácht ar na cuairteoirí, tá 12,000 fostaithe sa tsiopalann, idir dhíol agus eile, agus níl sos ón gclampar ó oscailt na siopalainne ag a deich ar maidin go ham dúnta ag 9.30i.n.

    go bhféadfáthat could
    dearmadforgetfulness, negligence, omissionm1
    dearmad a dhéanamh arforget"make forgetting"
    cuspóiraim
    rachfainn i mbannaí I'd bet
    Cibé is mian leatWhatever you'd wish
    ceapthink [here] a cheapadh to find
    coirníníbeads
    asarlaísorcerer, conjurerm4
    fiú amháineven
    fardoralas
    seodrajewelrym4
    caipíncapm4
    speicepeaked
    sléibhteof mountains
    Gan trácht arNot to mention
    cuairteoirvisitor, touristm3
    fostaitheemployees
    idir dhíol agus eileboth sales and othersidir "both" here. Note lenition.
    sos ón gclampabreak from the tumult
  • Ach d'imigh sin agus tháinig seo. Agus mé ag fánaíocht timpeall na háite, thugas faoi deara suíochán greamaithe den bhalla, 10 méadar os cionn an fhlúma sa pháirc siamsaíochta. Ealaíon? Níorbh ea, ach stair. Tógadh an tsiopalann millteanach seo ar staid chluiche corr na Minnesota Twins, agus sa suíochán sin a thit liathróid Harmon Killibrew, imreoir cáiliúil do na Twins, nuair a bhuail sé an Home Run ab fhaide a bhuail sé ariamh. Go deimhin, 160 méadar uaidh, sa pháirc siamsaíochta chéanna, bhí Home Plate na staide san urlár, ónar bhuail Killibrew a bhuille cháiliúil. Tá a stáisiún traenach féin ag an tsiopalann. Gan rud ar bith ceannaithe againn, agus muid traochta, d’imíomar ar thraein go dtí chathair Mhinneapolis. Scéal eile é sin, agus tabharfaidh mé duit é an chéad iarraidh eile.

    fanwait, stay, remain
    fánstraying, wanderingm1
    ag fánaíochtwandering
    timpeallround, aroundfollowed by gen
    thugas faoi dearaI noticed
    greamaithe denstuck to
    flúmaflume
    ealaínart, science, skill, craftf2 npl -íona, gpl -íon
    tógraise, build
    millteanachmassive
    staidstadium
    cluichegame
    cluiche corrbaseball
    a thitfell
    liathróidballf2
    imreoirplayer
    cáiliúilfamous
    ariamhnever
    uaidhfrom it
    céannavery, same
    bhuillehit
    traochtaexhausted
  • Agus dea-nuacht do thomhaltóirí Mhinnesota - seans maith go mbainfidh an Mall of America an chéad áit amach arís i gceannasaíocht na siopalainne - táthar ag beartú 'Mall of America - Céim a Dó.' Deirtear go dtosóidh an tógáil i mbliana.

    dea-nuachtgood news
    ceannasaíochtleague
    tátharit ispres aut of
    beartúplan
    céimstep, degree
    i mblianathis year

A few surviving datives

nominativeEnglishgenitivedative
ÉireIrelandÉireannÉirinnf
cíallsense, sanity, perception, meaningcéillecéillf2
beanwomanmnámnaoi

Cé acu an duine is fearr?Which of them is tha best person/k'e akəb/
fear grinncomediannote the genitive

Copula: Past and conditional

  • Past and conditional forms are the same. You need to use the context.

  • Summary
    Present/FuturePast/Conditional
    Statementisba
    Negativeníor
    Questionanar
    Negative Questionnachnár
  • Followed by consonants

    Following consonants are lenited. Recall that a lenited f followed by a vowel is treated like a vowel. See below.

    Ba bhanaltra í.She was a nurse.
    Níor shagart é.He was not a priest.
    Ar dhoctúir í?Was she a doctor?
    Nár gharda é?Wasn't he a policeman>?
  • Followed by vowels, or by fh + vowel
    • Ba → B'
    • Níor → Niorbh
    • Ar → Arbh
    • Nár → Narbh

    The bh is always pronounced slender /v'/, even though the vowels are broad.

    B'aisteoir é.He was an actor.
    Níorbh aisteoir é.He was not an actor.
    Arbh aisteoir é?Was he an actor?
    Nárbh aisteoir é?Wasn't he an actor?

    Also B'fhearr liom, b'fhéidir, 7rl

  • With pronouns
    • No inserted h's
    • é, í, iad: Same -bh pattern as above
    • With these pronouns ba is not contracted. There is a tendency in speech to slip in a little /y/ consonant, so Ba é sounds like Ba dhé....
    • Ar dhochtúir í? Níorbh ea. / Ba ea.Was she a doctor? She was not. / She was.
      Nárbh é Charlie Sheen an t-aisteoir sin? Ba é. / Níorbh é.Wasn't Charlie Sheen that actor? He was. / He was not.
      Nárbh aisteoir é Charlie Sheen? Ba ea!Wasn't Charlie Sheen an actor? He was!
      Nárbh é Charlie Sheen an t-aisteoir? Níorbh é.Wasn't Charlie Sheen the actor? He was not.
      Arbh é Pluto an madra? Ba é.Was Pluto the dog? He was.

?

Log in

No account? Create an account