Rang Gaeilge, 25ú lá Mí Feabhra 2013
Deireadh á chur le maoiniú Ghaelscéal
- Níorbh leor ciorclaíocht de 4,000 don Fhoras
- Neamhaird iomlán déanta ar dhíolacháin scoileanna
- Neamhaird iomlán déanta ar léitheoireacht ar líne
Níorbh leor not enough maoiniú funding ciorclaíocht circulation Foras foundation, institution, base, stability neamhaird disregard iomlán completely ar dhíolacháin scoileanna of school sales ar léitheoireacht ar líne of online reading
Tá sé fógartha ag Foras na Gaeilge go bhfuil siad chun deireadh a chur le maoiniú do Ghaelscéal. Dúirt an Foras go raibh an cinneadh á dhéanamh de bharr go raibh an méid cóipeanna den nuachtán a bhí á dhíol sna siopaí, 1,314 in aghaidh na seachtaine, níos lú ná an sprioc a leagadh amach don nuachtán.
fógairt call, proclamation, warning f3 gs fógartha cinneadh decision de bharr as a result of, because an méid cóipeanna the number of copies in aghaidh na seachtaine per week níos lú less sprioc mark, target a leagadh amach set out for
Mhaígh siad i ráiteas go raibh fóirdheontas €6 á íoc as gach cóip a díoladh sna siopaí.
Tá an líomhainn seo séanta go láidir ag Torann na dTonn.
maigh state, claim v ráiteas statement fóirdheontas subsidy íoc payment, charge, rate líomhain allegation láidir strong torann noise tonn wave séan deny
Deir an comhlacht nár chuir an Foras san áireamh breis agus 1,000 cóip a dhíoltar le scoileanna agus eile, cóipeanna digiteacha a léitear in aghaidh na seachtaine ar líne ná an 1,200 duine eile a bhain úsáid as an suíomh idirlín ar bhonn seachtainiúil.
Ciorclaíocht sheachtainiúil de 3,978 san iomlán atá ag an nuachtán de réir an chomhlachta.
comhlacht company, firm áireamh counting, reckoning, number breis increase, excess, more than cóipeanna digiteacha a léitear digital copies are read an 1,200 duine eile a bhain úsáid as an suíomh idirlín ar bhonn seachtainiúil. the 1,200 other people who have used the website on a weekly basis. Ciorclaíocht sheachtainiúil weekly circulation san iomlán in total de réir according to
Tá sé ráite i litir a fuair stiúrthóirí Thorann na dTonn go raibh bord an Fhorais den tuairim "go bhfuil treochtaí phobal léitheoireachta na Gaeilge ag imeacht go suntasach ó fhormaid na meán clóite agus tá pleananna á gcur le chéile ag Foras na Gaeilge le freastal a dhéanamh ar na riachtanais seo."
ráite said tuairim view treochtaí trends pobal léitheoireachta reading public suntasach noticeable, ag imeacht leaving ó fhormaid na meán clóite from the format of the print media freastal service riachtanas necessity, need
Níor thug an Foras le fios cén bunús taighde a bhí leis an tuairim sin, óir léiríonn figiúirí Ghaelscéal féin go léann i bhfad níos mó daoine an nuachtán clóite ná an leagan digiteach. Rinne Bord an Fhorais an cinneadh tar éis dóibh tuairisc a fháil ó choiste irisí na heagraíochta.
fios knowledge, information m3 cén bunús what basis taighde research óir because, gold léirígh clarify, explain, illustrate leagan fall, lowering, knocking down, version m1 cinneadh decision tuairisc report, information coiste committee m4 iris magazine, journal f2 eagraíocht organization f3
Maidir le líon na gcóipeanna – tuigtear, ó fhoinsí iontaofa, nár cuireadh san áireamh ach an líon a dhíoltar sna siopaí agus eolas á thabhairt don Bhord.
Maidir as for, as regards líon number foinse source iontaofa trustworthy, reliable áireamh counting, reckoning, number an líon a dhíoltar sna siopaí the number sold in stores
Tugadh le fios do Bhord an Fhorais chomh maith go raibh Torann na dTonn ag iarraidh tarraingt as an chonradh, beart a shéanann an comhlacht.
Tugadh le fios do Bhord The board was informed chomh as, so tarraingt pull, drag conradh contract, treaty beart plan, action séan deny
Ag caint dó faoin gcinneadh, dúirt Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, gur "nuacht tubaisteach" a bhí anseo
Ag caint dó faoin gcinneadh speaking about the decision Conradh na Gaeilge The Gaelic league tubaisteach disastrous, calamitous
Dúirt Niamh de Búrca ó Ghael Linn go raibh an-aiféala uirthi faoin "drochscéal" nach mbeadh an nuachtán 'Gaelscéal' á fhoilsiú i bhfad eile.
aiféala regret, remorse uirthi on her foilsiú revelation, disclosure i bhfad eile much longer
Mar gheall ar an chinneadh seo, chun críoch luath a chur le maoiniú Ghaelscéal, meastar go gcuirfear deireadh le foilsiú an nuachtáin ag am éigin an mhí seo chugainn.
Mar gheall ar an chinneadh seo Because of this decision chun críoch luath a chur le maoiniú Ghaelscéal to end soon the funding of Gaelscéal meas consider, estimate, value, judge v and m3. aut meastar foilsiú revelation, disclosure, publication ag am éigin an mhí seo chugainn at some time next month
Kenny cáinte ag grúpa na Maigdiléana
RINNE grúpa atá ag stocaireacht ar son íospartaigh na Neachtlanna Maigdiléana cáineadh ar an Taoiseach inné de bharr an fhreagra a bhí aige ar thuairisc nua.
stocaireacht lobbying ar son on behalf of íospair ill-treat, ill-use neachtlann laundry cáineadh condemnation, censure de bharr an fhreagra because the answer tuairisc information, report
Dhiúltaigh Enda Kenny leithscéal a ghabháil ar son an Stáit tar éis don iarSheanadóir Martin McAleese tuairisc faoi na hinstitiúidí a fhoilsiú.
Diúltaigh refuse, deny iarSheanadóir former senator leithscéal a ghabháil ar son an Stáit give an apology on behalf of the state foilsiú revelation, disclosure, publication
De réir na tuairisce, bhí baint lárnach ag an Stát i bhfeidhmiú na neachtlann, rud a shéan rialtais a tháinig roimh an gceann reatha seo.
Ag caint dó sa Dáil, dhiúltaigh an Taoiseach glacadh le moladh ón bhfreasúra go ngabhadh sé leithscéal ar son an Stáit.
de réir according to tuairisc report, information lárnach central feidhmiú functioning, operation séan deny rith run, course, career m3 gs reatha tháinig roimh an gceann reatha seo came before the current one diúltaigh refuse glacadh accept moladh praise, proposal freasúra opposition m4 gabh take, catch, capture, go ar son on behalf of
Dúirt Steven Riordan, urlabhraí an ghrúpa Magdalene Survivors Together, go raibh díomá air faoin bhfreagra i leith na tuairisc a bhí ag an Taoisigh agus na n-ord eaglasta a bhí i bhfeighil na neachtlann.
urlabhraí spokesman díomá disappointment, sorrow leath side, part, direction f2 ds leith tuairisc report, information ord eaglasta ecclesiastical order feighil vigilance, watchfulness, care, attention
Dúirt sé gur dearnadh sclábhaithe de na mná agus gur scriosadh a gcearta bunreachtúla.
Frítheadh sa tuairisc gur cuireadh 10,000 bean chuig na hinstitúidí ó bunaíodh an Stát. Ba é an Stát féin a chuir an ceathrú díobh ann.
gur dearnadh sclábhaithe de na mná that slaves had been made of the women gur scriosadh a gcearta bunreachtúla that their constitutional rights had been destroyed frith finding tuairisc report, information ó bunaíodh an Stát from the establishment of the state ceathrú fourth, quarter
Thug rialtais maoiniú do na neachtlanna mar aon le conarthaí oibre a bhí le déanamh ag na mná. Cuireadh iachall ar na mná obair a dhéanamh sna neachtlanna, gan phá. Chaith seisear as gach deichniúr níos lú ná bliain iontu.
maoiniú funding conradh contract pl conarthaí iachall = iallach compulsion pá pay, wages seisear as gach deichniúr six out of every ten iontu in them ← i
Deireadh ag teacht le Gaelscéal
BEIDH deireadh le foilsiú Ghaelscéal i gcló agus ar líne go luath. Caillfear 5 phost lán- Ghaeilge agus post amháin páirtaimseartha sa Ghaeltacht mar thoradh air seo, ceathrar de na fostaithe sin ina gcainteoirí dúchais Gaeilge.
Deireadh ag teacht le Gaelscéal The end of Gaelscéal is coming BEIDH deireadh le foilsiú Ghaelscéal i gcló agus ar líne go luath. The end of publication of Gaelscéal in print and on line is soon Caillfear 5 phost lán-Ghaeilge agus post amháin páirtaimseartha sa Ghaeltacht mar thoradh air seo 5 full [time] Irish jobs and one part time job in the Gaeltacht will be lost as a result of this ceathrar de na fostaithe sin ina gcainteoirí dúchais Gaeilge. four of those employees are native speakers of Irish.
Caillfidh go leor saoirisiseoirí, a bhfuil na céadta blianta de thaithí acu le chéile, a gcuid ioncaim chomh maith, arís, riar maith acu ina gcainteoirí dúchais Gaeilge.
Tá sé seo ag tarlú de bhrí gur chinn bord Fhoras na Gaeilge deireadh aontaobhach a chur leis an Chonradh idir iad féin agus Torann na dTonn Teo.
Caillfidh go leor saoirisiseoirí Many free-lance journalists a bhfuil nacéadta blianta de thaithí acu le chéile that together have hundreds of years of experience ioncam income m1 a gcuid ioncaim chomh maith, arís and their income as well, again. riar administration, management, supply m4 riar maith acu ina gcainteoirí dúchais Gaeilge well supplied with native speakers of Irish [??} Tá sé seo ag tarlú de bhrí gur this is happening because chinn bord Fhoras na Gaeilge deireadh aontaobhach a chur leis an Chonradh idir iad féin agus Torann na dTonn Teo the Board of FnG unilaterally put and end to the contract between them and TnT
Ba mhaith linn a chur in iúl go raibh Torann na dTonn Teo go hiomlán tiomanta go hiomlán don togra seo i gcónaí agus gur cuireadh sin in iúl don Fhoras taobh istigh de choicís ó shin.
Ba mhaith linn a chur i gcuimhne do dhaoine chomh maith, gur fhoilsigh Gaelscéal nuachtán 40 leathanach de ghnáth cé nach bhfuair muid ach deontas do 32 leathanach.
Ba mhaith linn a chur i gcuimhne do dhaoine chomh maith We would like to remind people foilsigh reveal, publish deontas grant
Tá sé ráite ag an Fhoras gur chuir siad deireadh leis an chonradh de bhrí nár dhíol Gaelscéal go leor cóipeanna.
Agus bhí an ceart acu – níor dhíol muid go leor, ach bhí preasráiteas an Fhorais dochreidte i leith dhíolacháin Gaelscéal go díreach.
preasráiteas press release
Go deimhin, bhí sé iomlán míchruinn.
Chuir ráiteas an Fhorais in iúl nach raibh de chiorclaíocht ag Gaelscéal ach 1,314 cóip in aghaidh na seachtaine, ní raibh sé sin beacht ar chor ar bith.
Ní fios an ndearna an Foras é sin d’aonghnó, trí easpa cumarsáide idir an bord agus feidhmeannas an Fhorais, nó trí easpa cumais.
míchruinn inaccurate
Ní fios an ndearna an Foras é sin d’aonghnó, trí easpa cumarsáide idir an bord agus feidhmeannas an Fhorais, nó trí easpa cumais.
Bhí ciorclaíocht 3,978 sa tseachtain ag Gaelscéal. Thiocfadh leis sin a bheith i bhfad níos fearr go cinnte, ach le cúrsaí eacnamaíochta mar atá agus nuachtáin an domhain mhóir ag streachailt, tá muid bródúil as sin.
Ar ndóigh is ionann an figiúr sin agus léitheoireacht 8,000 in aghaidh na seachtaine. Líon 7,806 teaghlach Daonáireamh 2011 amach i nGaeilge. Is ionann an dá fhigiúr a bheag nó a mhór.
Cuimhnímis go raibh ar Gaelscéal an páipéar a chur ar líne saor in aisce, agus suíomh idirlín cuimsitheach a bheith againn, rud a rinne dochar dár ndíolachán gan amhras –ach nach raibh aon chreidiúint a fháil do na rudaí sin ón Fhoras.
nach raibh aon chreidiúint a fháil wasn't even mentioned
Níor luadh é fiú.
Níor luadh an díolachán sna scoileanna ach an oiread, d'ainneoin gur cóipeanna crua a bhí i gceist.
Bhí sé sin maslach go díreach agus léirigh sé easpa measa ar an obair a rinneadh i dtaca leis an díolachán seo.
luadh mentioned ainneoin in spite of
Cén fáth nár luadh na nithe sin sa phreasráiteas a chuir Foras na Gaeilge amach?
Cén fáth ar dearnadh a bheag de Gaelscéal, d'iriseoireacht na Gaeilge agus na Gaeltachta i súile na meán Béarla?
preasráiteas press release i súile na meán Béarla in the eyes of the English media
Tá buncheist eile ann, d'ainneoin go léann níos mó daoine an leagan clóite de Gaelscéal ná mar a léann ar líne í – 2,378 in éadan 1,600, dar leis an Fhoras, gur “léir go bhfuil treochtaí phobal léitheoireachta na Gaeilge ag imeacht go suntasach ó fhormaid na meán clóite agus tá pleananna á gcur le chéile ag Foras na Gaeilge le freastal a dhéanamh ar na riachtanais seo.”
ainneoin in spite of
Fágaimis an bhunfhadhb mhatamaitice i leataobh ag an phointe seo, ach cad iad na ‘pleananna’ seo atá ag an Fhoras? Tuigtear dúinn go bhfuil 'suirbhé' a ullmhú ag an Fhoras. Ach is léir go nglacfaidh sé bliain ar a laghad sula mbeidh aon tseirbhís nua bunaithe.
Cén mhaitheas a dhéanfaidh an bhearna sin don Ghaeilge? Cén fáth nár ligeadh do Gaelscéal leanúint ar aghaidh, go leictreonach fiú, go dtí go mbeadh comórtas nua ann? Tá sé cruthaithe ag an pháipéar seo go bhfuil fios ár ngnó againn maidir le seirbhís ar líne.
Cén fáth nár why not Tá sé cruthaithe it is proven maidir as regards
Ná déanaimis dearmad go mbeadh ar sheirbhís nua nuachta ar líne tosú as nua – tá 3,745 lucht leanúna againn ar Twitter (ár gceithre chuntas curtha le chéile), 3,822 'likes' ar Facebook agus 830 lucht leanúna ar Abairleat.
Sin iad na bun-uirlisí atá ag teastáil le seirbhís nuachta ar líne a chur ar bun agus beidh siad curtha amú ag an Fhoras anois.
Agus caithfear a chur san áireamh nach bhfuil ach suíomh idirlín TG4 chun tosaigh orainn sa rangú domhanda, agus go bhfuil bearna mhór idir shuíomh Ghaelscéal agus an chéad suíomh eile i nGaeilge atá taobh thiar dúinn sa tríú háit.
uirlis tool bearna gao
An mbeidh maoiniú ann ó Fhoras na Gaeilge do pháipéar clóite arís? Is é tuairim an pháipéir seo go mbeidh.
Is léir nach iad Foras na Gaeilge, agus níos tábhachtaí, Bord an Fhorais atá ceaptha ag polaiteoirí na tíre, an dream is fóirsteanaí chun maoiniú a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge. Tá buncheist dhaonlathach ann.
Ní gá ach spléachadh a thabhairt ar shuíomhanna idirlín pháirtithe polaitiúla na hÉireann chun a seasamh i leith na Gaeilge a fheiceáil – tá formhór acu i mBéarla amháin. Mar a léirigh Gaelscéal cheana, tá níos mó Gaeilge ar shuíomh idirlín Bhanríon Shasana.
a seasamh standing formhór majority
Tá múnla nua maoinithe ag teastáil agus beidh ceann á mholadh againn sna seachtainí atá fágtha againn.
Leanfaidh Gaelscéal ar aghaidh chomh fada agus is féidir, ach tá muid ag caint ar sheachtainí seachas ar mhíonna, faraor.
Leanfaidh Gaelscéal ar aghaidh chomh fada agus is féidir Gaelscéal will continue as long as possible
I gceann tamall róghairid, beidh 'Foinse' ag treabhadh leo féin, go n-éirí leo, go raibh tacaíocht acu ón phobal, agus go raibh misneach acu chun súil ghéar a choinneáil orthu sin a bhfuil an cumhacht acu.
I gceann tamall róghairid In too short a time treabhadh plowing tacaíocht support