From Hilbert Space to Dilbert Space


Previous Entry Share Next Entry
Monday Night Irish Class, November 25, 2013
Irish
gmcdavid

Rang Gaeilge, 25 lá Mí na Samhna 2013

Useful reference: Foirmeacha Táite Ghaeilge — Irish Synthetic Verb Forms

Maidhc Dainín Ó Sé

Excerpt #2: The Tinkers

Go rialta i ndeireadh an fhómhair chuireadh treabh tincéirí fúthu sa lúibín in aice na scoile. ... Thabharfaimis ár saol ag faire ar an seanduine a bhí ina measc agus é ag déanamh na sáspan as an stán. Níl aon dabht i m'aigne ach gur cheard ana-speisialta ab ea í. Bhí inneoin bheag aige déanta go speisialta don gcúram agus saghas éigin siosúir chun an stáin a ghearradh. Casúirín pointeálta a bhí aige chun na ribhití a liocú. Ba dheas an chuma ina mhúnlaíodh sé tóin an tsáspain agus an cliathán timpeall air. Is mó am lóin a chaith scata againn suite in airde ar an gclaí ag baint lán ár súl as an gceardaí breá seo ag obair. An campa beag canbháis ina gcodlaídís bhí sé curtha acu i bhfothain le hais leis an gclaí d'fhonn aon ghála a thiocfadh aduaidh orthu a bhriseadh. Bhíodh bladhmsarach mhór de thine acu agus breis agus dosaen páiste óna trí bliana suas go dtí seacht mbliana déag timpeall uirthi. Ní bhíodh bean an tincéara le feiscint sa champa i rith an lae ach thagadh sí timpeall ar am dinnéir chun greim bídh a réiteach dona fear agus dona páistí. Thugadh sí formhór an lae ag imeacht timpeall ó thig go tig le ciseán mór lán de sháspain, is de phictiúirí beannaithe is de scaifléirí is boinn bheannaithe agus iallacha bróg. Ar a shon go ndíoladh sí na hearraí a bhíodh sa chiseán ní folamh a thugadh sí abhaile léi é. Mar dá ndíolfadh sí sáspan i dtig bheadh sí ag lorg gráinne tae nó siúcra nó braon bainne le tabhairt ar ais go dtí na gearrcaigh. Is minic a tháinig sí chomh fada le béal dorais na scoile agus chun na fírinne a rá ní fheaca éinne des na múinteoirí ag ligean léi dealbh as an áit.

Go rialtaRegularly
treabhtribev
fúthuunder/about themfaoi
lúibínsmall loop
Thabharfaimiswe used to give/take
ag fairewatching
ina meascamong them
stántin
aigne mind
ceardcraftsman
speisialtaspecial
inneoin anvil
cúramcare, responsibility
saghas éigin siosúir chun an stáin a ghearradhsome sort of scissors to cut the tin
casúrhammer
liocaigh = leacaighflatten
múnlaighmoldv
cliathánside
scatacrowd, group
in airde ar an gclaí up on the fence
fothainshelter
aisback
d'fhonnin order to
gálagalem4 [wind]
thiocfadh aduaidhwould come from the north
bladhmflame
bladhmsach blazing
breis agus dosaen more than a dozen
uirthion her/itar
Ní ... achonly
thagadhwould come
greimbite, grip
bídh = biadh = biafood
formhórmost
le ciseán mór lán de sháspainwith a large basket full of saucepans
scaifscarf, scapula
bonncoin, medal
iallachalaces
earraígoods
folamh empty
ag lorgseeking
gráinnegrainm4
gearrcachfledgling, nestlingm1 gs,npl gearrcaigh
béalmouth, openingm1
chomh fada le béal doraisas far as the next door
chun na fírinne a rá to say the truth
ní fheaca éinne des na múinteoirí ag ligean léi dealbh as an áit.
ligeanletting, releasing
dealbhbare, destitute

Lá amháin agus slua mór againn suite ar an gclaí trasna ó ráil na scoile bhí bean an tíncéara ag róstadh rud éigin ar an dtine oscailte. Ó a dhuine, an boladh breá a bhí ag teacht chugainn ó Chuas an Bhodaigh.

'Maircréil úra,' arsa buachaill amháin i m'aice.

'Is dócha gur ós na hiascairí a fuaireadar an t-iasc,' arsa mise, 'mar bhí a cúig nó a sé de naomhóga amuigh sa Dúinín aréir agus bhí os cionn dhá mhíle maircréal an ceann acu.'

ráilrail
boladhodor, smell
bodachchurl, loutm1 gs, npl bodaigh
cuashollow, recess, cavity
maircréil = maicréilmackerel
úrfresh
Is dócha gur ós na hiascairí a fuaireadar an t-iascLikely they got the fish from the fishermen
naomhógcoracle, curragh
an ceann acua piece

Bhí beagán tuisceana agam féin ar Bhéarla ach dá gcloisfeá an ghibris a bhí ag teacht uathu siúd, idir fhear, bean agus páiste, bheadh sé chomh maith agat bheith ag éisteacht le Rúisis. ... Bhíomair ansiúd ag faire ar an mbean tincéara agus í ag róstadh na maircréal. Is dócha go raibh ar a laghad chúig gharsún agus fiche againn ann idir bheag agus mhór. Uisce ag teacht ó fhiacla gach duine againn. Chonac uaim tamall suas ar an gclaí an buachaill mór seo. Ní inseoidh mé dhuit ainm an gharsúna - b'fhearr gan a dhéanamh ar shon na síochána! Bhí scraithín deas téagartha bainte de thaobh an chlaí aige le sáil a bhróige. An chéad rud eile bhí an scraithín ina chrúca aige. Ní túisce ina chrúca é ná go bhfeaca ag feadaíl tríd an aer é, agus cár dóigh leat a chríochnaigh an scraithín? Sea, tá an ceart agat. Isteach i gcorplár chorcán róstaithe na dtincéirí! D'imigh idir iasc, geir agus an corcán róstaithe ar fuaid na talún. An chéad rud eile phreab bladhmsanna ón dtine in airde sa spéir mar chuaigh cuid den ngeir sa tine. Sea, bhí an diabhal déanta. Tháinig scaipeadh na mionéan orainn soir agus siar. Gach éinne ag iarraidh péirse a chuir idir é féin agus tine na dtincéirí ar eagla gurb air féin a raghadh an milleán. B'iúd inár ndiaidh bean an tincéara. Bhí gach liú agus mallacht aici agus stad ná staonadh níor dhein sí gur bhain doras na scoile amach. Isteach ar scoil léi agus ní raibh aon radharc uirthi ar feadh tamaill. Gach súil dírithe ar dhoras na scoile. Ní fada a bhí le fanacht againn. Is é an máistir a tháinig amach trí dhoras na scoile ar dtúis agus bean an tincéara go tiubh ar a shála! Sheas an máistir ag ráil na scoile agus lig sé béic fhíochmhar as.

tuiscintunderstandingf3 tuisceana
cloishearcond. chloisfeá "you would hear" - Why eclipse?
uathufrom them
siúdthat, yon, those
Bhíomair ansiúd ag fairewe were there watchingBhíomar?
ar a laghadat least
tamallwhile, spell
b'fhearr gan a dhéanamh ar shon na síochánabetter not do so for the sake of peace
scraithínclod, divotm4
téagartha substantial, stout, bulky
sáilheel</i>
crúcacrook, hook, clutchm4
túiscefirst, sooner, earlier
ná go bhfeaca ag feadaíl tríd an aer than seeing it whistling through the air
cár dóigh leat a chríochnaigh an scraithín?where do you think the clod ended?
corplárcenter, corem
corcánpotm
geirfat, suet, tallowf
ar fuaid na talúnall over the ground
preabstart, spring, jumpv
ar ndóighof course
scaipeadhdispersion, spread
mionéansmall bird
Tháinig scaipeadh na mionéan orainnwe fled in all directions
soir agus siarto the east and west
péirseperchf
eaglafear
air féin/i>on himself
raghadhtending
milleánblamem
iúdthat, yon
inár ndiaidhin pursuit
liúyell, shoutm4
staonadhcessation, restraintm
radharcscene, sight, vision
ar feadh tamaillfor a while
go tiubh ar a shálathick at his heels
seasstandv
béicyellf2
fíochmharfurious, ferocious"like a lion"

'Gach buachaill ón séú rang go dtí na naíonáin bheaga bídís laistigh de ráil na scoile, lom díreach!

Ambaiste ná raibh deabhadh ar éinne ag déanamh ar chlós na scoile.

'Brostaígí!'

Bhí sé ansiúd agus a phlaosc ataithe leis an mbrú fola a tháinig air leis an racht feirge a bhí á chur de aige. Nuair a bhíomair ar fad ansiúd ar nós scata caorach a bheadh bailithe istigh i loc chun a mbearrtha lig sé glam eile as.

'Seasaigí ar fad suas i gcoinne an fhalla.'

Ansan a thugamair faoi ndeara an tslat a bhí aige agus í dá luascadh go rábach aige soir agus siar. Bhíos féin timpeall leath slí isteach sa líne. Béic eile.

'Seasadh an scoláire a chrústaigh an scraithín amach anseo chugam.'

Ar m'anam ach nár bhog éinne. Ansan shiúlaigh sé suas go barr na líne.

'Tusa a mhic Uí Chinnéide, an bhfeacais an duine a chrústaigh an scraithín?'

'Ní fheaca, a mháistir.'

'Cuir amach do láimh!'

séú sixth
naíonáninfantm2
bídíslet them be3rd pers pl imp
laistighinside, within
lombare
lom díreach!right away!
BrostaighHasten
plaosc = blaoscskull, craniumf2
ataitheswelled
brúcrush, pressurem4
fuilbloodf gs fola
an racht feirgethe angry outburst
scatacrowd, group, packm4
caorasheepf npl caoirigh, gs, gpl caorach
bailithegathered, collected
locpen, enclose, shut invn loca, loc
bearrthashearing
glamhowlf2
Seasaigí ar fad suas i gcoinne an fhalla.Everybody stand up against the wall.
Ansan a thugamair faoi ndeara an tslat a bhí aigeThen we noticed that he had the cane
to/for him/it; of those, of that which
luascswing, sway
rábach bold, dashing
soir agus siareast and west
Bhíos féin timpeall leath slí isteach sa líne.I myself was about half way down [in] the line
béicyell, shoutf2
crústaighpelt
scraithínclod, divotm4
siúlaigh = siúilwalk
Tusa a mhic Uí ChinnéideYou son Kennedy

Cheithre bhuille óna chroí amach a thug an máistir agus le gach buille d'ardaíodh sé leaththroigh de thalamh d'fhonn breis fuinnimh a chur lena bhuille. Lean sé air mar sin anuas an líne agus an íde chéanna á thabhairt dos gach éinne aige. Is é bhíos ag cuimhneamh agus mé ag cuimilt mo bhos dá chéile agus an máistir ag déanamh orm go mb'fhearr cheithre bhuille anois ná bheith ag teitheadh leat féin an chuid eile den mbliain. Bhí saghas cód i measc na ndaltaí ar fad. Ná scéith go deo ar éinne.

... 'An bhfuil a fhios agaibh ná bíonn rí ná rath ar éinne go deo a chuireann isteach ar an lucht siúil? Sin iad na daoine a dhíbir Cromail ó thithe agus ó thalamh na hEireann.'

Cheithre bhuille óna chroí amach a thug an máistir Four blows from the heart were given out by the master
ardaighraise, increase
leaththroighhalf foot, one of two feet
d'fhonnin order to
breisincreasef2
fuinneamhforce, energym1 gs fuinnimh
íde idea, treatmentf4
céannasame
dosbush, tuft, thicketm1
cuimilrubbing
bospalm [of hand]f2 npl bos
teitheadh flight, evasionm
códcodem1
scéithgive away; vomit
go deoalways, forever
bíonnis alwaysprs hab of
rathprosperity, abundancem3
cuir isteachinterrupt
an lucht siúilthe travelling folk(tinkers)
díbirdrive out, banish


As Litriocht.com:

Foclóir Réalteolaíochta

Cnuasach cuimsitheach de théarmaí Réalteolaíochta, idir shean agus nua. Tugtar téarmaí dúchasacha nuair is féidir agus déantar plé sármhaith ar an ngné sin sa réamhrá. Chomh maith leis sin, liostaítear na réaltbhuíonta, na réaltaí is gile agus na sonraí pláinéadacha agus tá léaráidí pinn tríd an Leabhar.
Bearla

A pioneering work - the first ever compilation of Astronomical Terms in Irish, although we have glosses on some such terms dating back to AD 850. The scholarly introduction by Dr. Bearnárd Ó Dubhthaigh is of particular interest.
Cnuasachcollectionm1
cuimsitheachcomprehensivea1
Tugtar téarmaí dúchasacha nuair is féidirNative terms are given when possible
plédiscussion
sármhaithexcellentsar-
gnéspecies, kind, aspectf4
réamhráintroductionm4
buíontacompany, band, troopf2 pl buíonta
réaltbhuíonconstellation"star band" (!)
na réaltaí is gilethe brighest stars
sonracharacteristic, detailm4
pláinéadplanetm1
léaráiddiagram, illustrationf2



cruinnround, exact
leaganknocking down, demolition, versionm1
áistriútranslation
speisialtaspecial
spéisiúilinteresting
léachtlecture

?

Log in