From Hilbert Space to Dilbert Space


Previous Entry Share Next Entry
Monday Night Irish Class, November 5, 2012
Irish
gmcdavid

Rang Gaeilge, 5 lá Mí na Samhna 2012

Stoc na Cille

  1. Is mise Stoc na Cille. Éistear le mo ghlór! Caithfear éisteacht...

    Éistear le mo ghlór!Let my voice be heard!
    Caithfear éisteachIt must be listened to

  2. Óir is mé gach glór dá raibh, dá bhfuil agus dá mbeidh. Ba mé an chéad ghlór in
    éagruth na cruinne. Is mé an glór deiridh a cluinfear i spros an
    Olldíoláithriúcháin Choitinn. Ba mé glór plúchta an chéad toircheasa faoin
    gcéad bhroinn. Ar a bheith don arbhar órga cruachta san iothlainn, is mé an glór
    a ghairfeas abhaile an déasdíolaimeoir deiridh as Gort an Ama. Óir is mé mac
    sinsir an Ama agus na Beatha, agus reachtaire a dteallaigh. Is mé buannaí,
    cruachadóir agus súisteoir an Ama. Is mé taisceánaí, siléaraí agus eochróir na
    Beatha É le mo ghlór! Caithfear éisteacht:

    Óirfor, becauseconj
    Óir = Órgoldconj
    of those whodo/de + a
    éagruthshapelessness, deformitym3
    cruinneworld, universef3
    deireadhendm1
    cluinhearfut cluinfear
    spros = brusdust
    áithrighinhabit
    ollgreat, huge
    coitinn = coiteanncommon, general
    plúchsmother, stifle
    toircheaspregnancy, offspring
    broinnwombf2
    arbharcornm1
    órgagolden
    cruachtahardened
    iothlainnhaggard, rickyard, stackyoard
    gaircallv
    díolaimcollect, glean, gather
    déas = diasear of cor
    gortfieldm1
    sinsearancestor
    reachtaireadministrator, steward
    teallach = teaghlachhousehold
    buanna = buavictory, triumph
    buanaíreaper
    cruachadóir stack-builder
    súisteoirthresher
    taisceán = taisceadándepository, locker, safe
    siléarcellar
    eochróirkeeper of keys, turnkey

  3. Níl am ná beatha sa gCill. Níl sorchas ná dorchas ann. Níl fuin ghréine,
    rabharta, luainneachas gaoithe ná claochmú ann. Ná síneadh lae, ná an
    Streoillín agus an Chroimiscín ag dul á dtaighríocht; ná an fuil fhástaigh á cóiriú
    féin i gculaith an Ghairdis agus na Fleidhe. Níl súile friochanta an pháiste ann.
    Ná lasadh doscúch an ógfhir. Ná grua rósghríseach an chailin. Ná caoinghuth na
    mná oiliúna. Ná meangadh soineanta an tseanduine. Níonn súile, lasadh, grua,
    guth agus meangadh aonghné easairíonnach amháin in aileimbic
    neamhéisealach na húire. Níl glór ag an snua ann, ná snua ag an nglór, arae níl
    snua ná glór sa gceimic neamhchásmhar is feart. Níl ann ach cnámha ag
    críonadh, feoil ag fíniú, agus baill ba bhaill bheatha ag dreo. Níl ann ach an
    almóir chré agus culaith chuileáilte na beatha inti ag na leoin le rodadh ...

    Níl am ná beatha sa gCill.Not time nor life in the graveyard
    sorchabrightness, light
    dorchadarkness
    Níl fuin ghréineThe sun does not shine.Lit. "cook"
    rabhartaspring tide, rush, flood, torrent
    luainneachfast-moving, nimble
    claochmaigh = claochlaighchange for the worse, deterioratevn claochlú/claochmú
    síneadhextension
    Streoillínlittle straggling line
    Croimiscín??
    taighríocht = taibhreamhdream
    fastaigh = fostaighcatch, hold fast, grip
    fástaigh??
    cóiriúarrangement, dressing, mendingm4
    áit, themobj of vn
    culaithsuit, apparen
    gairdis = gairdeasjoy, gladness
    fleidhe = fleadh = fleá(drinking) feast
    Níl súile friochanta an pháiste ann.No lively eyes of the child there.
    lasadhlight
    doscúch = doscaíextravagant, reckless
    lasadh doscúch an ógfhirrakish blush of a young man
    rósrose
    gríseach = gríosachglowing
    gruacheek
    caoinghuthquiet voice, keening voice
    oiliúntnourisment, nurturef3 gs oiliúna
    meangadhsmile
    soineantacalm, pleasant
    nighwashpres níonn
    gnéspecies, kind
    easairíonnachamorphous
    aileimbic = ailimicalembic, distillation
    neamhéisealachunfastidious; not nauseating, inoffensive
    úirefreshness, newnessf4
    snuacomplexion, color, appearancem4
    arae = ar aoiin regard to, on account of
    ceimicchemistry
    neamhchásmharunconcerned, unsympathetic
    feartgrave, barrow
    Níl ann ach cnámha ag críonadhOnly bones decaying
    feoil ag fíniúflesh decaying
    baill ba bhaill bheatha ag dreomembers that were living members decomposing
    almóirniche, cupboard
    culaithsuit, apparel
    cuileáiltediscarded??
    áiltprank
    cuilangry appearance
    leon = léangrief, anguish, woe
    rodadh = rodrot

  4. Ach os cionn talún tá smúit éadrom theaspaigh san aer. Tá an rabharta ag
    goineachan go firiúl i gcuislí an chladaigh. Tá féar an bháin fearacht is dá ndóirtí
    corcán de bhainne glas air. Tá sceach, tom agus crích mar a bheadh mná coimrí
    ann a dheasódh suas a gcuid gúnaí uaisle sula dtéidis i láthair an Rí. Tá ceol bog
    cumhúil ag an lon sna garráin. Tá súile na bpáistí leata ag láimhseáil na
    mbréagán atá ag titim amach bosca iontach na bliana oíche. Tá lóchrann a bhfuil
    athnuachan gach dóchais ann i leicne an úr-oirfeartaigh. Tá méiríní sí mar a
    thiomsófaí i gcluana na síoraíochta, i ngrua chúthail na hógmhná. Tá bláth
    uanach na sceiche gile a gceannaghaidh tláth na máthar. Tá na gárlaigh ag
    déanamh "falach bhíog" san iothlainn agus a ngealgháire mar chloig aoibhnis,
    agus airdí éagsúla a nglór mar a bheidís ag iarraidh Dreimire Iacob a tharraingt
    anuas ó Neamh arís. Agus tá cogar cásmhar na suirí ag éalú ó chúlráid an
    bhóithrín mar a bheadh geoladh gann gaoithe trí cheapaigh bainne bó bliochtáin
    i dtír na hóige ...

    smúitdust, mist
    éadrom light, sparse
    teaspachhot weather, hazy
    rabhartaspring tide, flood, torrent, rush
    féargrass
    goineachwounding, piercing, hurtful
    firiúlconstant, diligent
    cuisleveinpl cuislí
    cladachshorem gs cladaigh
    fearachtlike, as
    doirtpour
    corcánpotm1
    sceachhedgerows
    sceach ina scornach"frog in his/her throat""thornbush in his/her throat"
    tombush, shrub
    crích = críochlimit, boundaryf
    coimrí = coimirceprotection, guardianship
    dheasódhprepare]
    téidis goingtéigh???
    cumhúilhomesick, lonesome???
    garrángrove
    leata = leathspread, open wide, perish
    láimhseáilmanage, handle
    bréagántoy
    athnuachanrenewal
    leicne = leiceanncheek
    tiomsaighgather up, collect, accumulate
    tiomsófaíwould be gatheredcond. aut.
    méirínífoxglove
    iontachwonderfull
    feartachburial mound
    úrfresh
    cluana = cluainmeadow; deception, persuasion
    síoraíochteternity
    i ngrua chúthail na hógmhnáin shy cheeks of young women
    uanachfoamy, frothing
    sceiche = sceachhawthorn
    gilewhiteness, fairness, gladness
    ceannaghaidhfeature of face
    tláthsoft
    garlachchild, kid, bratm gs npl garlaigh
    falach = folachhiding
    falach bhíoghide and seek
    iothlainnhaggard, rickyard, stackyard
    gealgháirepleasant, radiant; smile
    chloig aoibhnishours of delight
    éagsúladifferent
    dreimireladder
    tarraingt pull, tug, drag, extraction
    cogarwhisper
    cásmharcaring
    suirícourting, courtship
    éalúescape
    cúlráidsecluded place
    bóithrínlane
    geoladh gaoithelight wind
    gann scarce, thin, meager
    bliochtán = bleachtán
    bainne bó bliochtáinmilk cows

  5. Ach tá criotán an tseanfhir ag dul in ainseal. Tá cnámha an fhir óig ag spadadh.
    Tá an ramallae liath ag folcadh an óir i bhfolt na mná. Tá fionn mar ghlae nathar
    ag múchadh rosc an linbh. Tá ceisniú agus ceasacht á dtabhairt ar aoibheall agus
    ar aeraíl. Tá laige ag cur droim díbeartha ar an neart. Tá éadóchas ag sárú an
    ghrá. Tá an scaoilteog á fuáil don phluideog, agus an uaigh don chliabhán. Tá an
    beo ag tabhairt a dheachú don mharbh ...

    criotán = creatachánweak/emaciated creature
    dul in ainsealbecame chronic
    spaiddull, sodden, sluggish
    ramallae slime
    folcadh bathing
    óirgold
    folthair [of head], locks, tresses
    fionnwhite, bright, clear; blond
    glaesticky, gluey; slime
    nathairsnake, serpentf
    múchadhsmothering, suffocation
    rosceye
    leanbhchildgs linbh
    ceasnúilcomplaining, querulous
    ceasachtcomplaining, grumbling
    á dtabhairt artaking the place
    aoibheall gambolling, gadding
    aeraíl = aerachtairiness, gaiety
    laigeweakness
    díbirtbanishment, expulsiongs díbeartha
    ag cur droim díbearthadriving out
    neartstrength, force, powerm gs nirt
    éadóchasdespair
    saraighviolate, infringe, overcome
    scaoilteogshroud
    fuáilsewing, stitching
    pluideogsmall blanket
    uaighgrave
    cliabháncradle
    deachútithe10th

  6. Is mise Stoc na Cille. Éistear le mo ghlór! Caithfear éisteacht...

    Éistear le mo ghlór!Let my voice be heard!
    Caithfear éisteachIt must be listened to


Earrach 1944: Bás Sheáinín Liam

  • Caitríona Pháidín: Cé thú féin? An tú bean mo mhic? Cé thú féin?

  • Seáinín Liam: Seáinín Liam a thugaidís orm san áit a d'fhág mé. An croí, a Chaitríona.

  • Caitríona Pháidín: Seáinín Liam! Cén sórt sochraide a bhí orm a Sheáinín?

  • Seáinín Liam: Sochraide? An croí, a Chaitríona. Bhí mé i gcoinne an phinsin.
    Dheamhan mogal a d'airigh mé. D'ól mé braon tae agus síos liom sa ngarraí le cliabh
    feamainne. Agus nuair a bhí mé dhá leagan díom, bhain mé stangadh beag as mo
    dhroim agus níor fhan puth den anáil agam. An croí. Is olc é an croí. Croí fabhtach!

  • Caitríona Pháidín: Ag an diabhal go raibh do chroí!

  • Seáinín Liam: Cén bhrí ach bhí an-aimsir ann le fada.

  • Caitríona Pháidín: Aimsir! Am! Sin dhá rud nach gcuirfidh aon imní ort anseo, a Sheáinin.

    -An raibh sochraide mhór orm?

  • Seáinín Liam: -Ó, sochraide bhreá mhór!

  • Caitríona Pháidín: Sochraide bhreá mhór a deir tú!
    -Cén altóir a bhí orm?

  • Seáinín Liam: -Altóir bhreá mhór! Bhí altóir mhór ar Pheadar an ósta agus ar
    Shiobhán an tSiopa, agus ar Mhairéad Phroinsiais agus ar Chite …!

  • Caitríona Pháidín: Tá a fhios agam! Ach cén altóir a bhí ormsa – ar Chaitríona
    Pháidín? Seacht bpunt dhéag? Sé phunt dhéag? Nó cheithre phunt dhéag?

  • Seáinín Liam: Deich bpunt dó dhéag.

  • Caitríona Pháidín: Deich bpunt?

  • Seáinín Liam: Deich bpunt! Deich bpunt, a Chaitríona! An Croí …

  • Caitríona Pháidín: Lomán agus léan ar do chroí! Anois, a Sheáinín, a raibh lucht an
    tsléibhe ann?

  • Seáinín Liam: Níor chuala siad é. An croí. Croí fabhtach.

  • Caitríona Pháidín: Faraoir géar deacrach gan do chroí ina mheall nimhe agus é a
    bheith i mbéal cléibhe Neil. Cén sórt cónra a chuaigh orm?

  • Seáinín Liam: An chónra ab fhearr tigh Thaidhg. Trí leathbhairille pórtair agus scáird
    phoitín. D'ól mé dhá mhuigín déag an oíche sin. Tar éis a raibh d chion agus de mheas
    agam ort, a Chaitríona, ní bheadh baol orm an méid sin a ól dá mbeadh a fhios agam go
    raibh an croí fabhtach

  • Caitríona Pháidín: Níor chuala tú tada faoi Phádraig ag rá go gcuirfeadh sé in áit ar
    bith eile sa reilig mé?

  • Seáinín Liam: Ní fhágfaí gan cur thú, a Chaitríona ba chuma cén t-ól a bhí ann.

  • Caitríona Pháidín: Is tú an cluasachán is mo dá dtáinig ó d'ith Ámh an t-úll.

  • Seáinín Liam: Bhí Pádraig le thú a chur ar Áit an Phuint ach séard a dúirt Neil go
    raibh Áit na Cúig Déag sách maith ag aon duine.

  • Caitríona Pháidín: An raicleach! Bhí sí ag an teach mar sin?

  • Seáinín Liam: Bhí, ó bhí sí! "B'ait an rúpálaí oibre í Caitríona Neil", a dúirt mé féin léi.

    "B'ait", a deir sí, "Ach ní raibh si chomh glan le duine eile."

    "Féach chomh salach a deir sí leis an scaoilteoig sin!"

    "Nach mór an náire í!"

  • Caitríona Pháidín: A Mhuire Mhór go deo! Bean mo mhic nó na gasúir a shalaigh iad.
    Sin nó an dream a leag amach mé. Cé leag amach mé, a Sheáinin?

  • Seáinín Liam: Iníon Nóra Sheáin agus Neil. Chuaigh fios ar Cháit bheag agus ar Bhid
    Shorcha ach ní thiocfadh siad.

  • Caitríona Pháidín: Ag súdaireacht i ndiaidh óil a bhíos Bid Shorcha. Ní chloisfidh tú
    aon racht uaithi nó go mbeidh ionlaois phocaide istigh aici. Caoinfidh sí go breá
    bogúrach ansin. An raicleach!

    Ach beidh éilitheacht uirthi ach a dteaga sí anseo. An raibh Neil ag sioscadh leis an
    sagart ar an tsochraide?

  • Seáinín Liam: Ní raibh an sagart ar chor ar bith ann. Is ar shochraide a chol ceathar
    Shiobhán an tSiopa a bhí sé. Ach las sé ocht gcoinneal ar an tomhartha.

  • Caitríona Pháidín: Sin rud nach raibh ar aon chorp cheana.

  • Seáinín Liam: Marach bur mhúch ceann acu … an smál, a Chaitríona.

  • Caitríona Pháidín: Níor chuala tú go ndúirt Pádraig tada faoi chrois a chur orm?

  • Seáinín Liam: Crois nua ghlan de ghlas-chloich an oileáin, a Chaitríona.

  • Caitríona Pháidín: -Go gairid?

  • Seáinín Liam: -Go gairid muise!

  • Caitríona Pháidín: Agus bean mo mhic?

  • Seáinín Liam: Bean mo mhic? Níl raibh aon bhean ag mo mhac a Chaitríona agus
    séard a dúirt mé leis nárbh fhearr dó rud a dhéanfadh sé ... !

  • Caitríona Pháidín: Ná dul ag an dochtúir lena chroí, a Sheáinín, ar fhaoitíos gur thóg
    sé an galar uaitse. Bean mo mhic! Iníon Nóra Sheáinín?

  • Seáinín Liam: Ó, Iníon Nóra Sheáinín! Meath-thinn!

  • Caitríona Pháidín: Bhí fhios agam féin an méid sin. Ar chuala tú aon chaint faoi
    Bhaba?

  • Seáinín Liam: Ní dhearna sí aon uachta fós ach tá na mná rialta thart síos faoin tír leis
    an ngearrchaile is sine sin ag Pádraig.

  • Caitríona Pháidín: Máirín?

  • Seáinín Liam: Sea, lena tabhairt leo agus le Máistreás scoile a dhéanamh di ach a
    mbeidh a díol foghlaim uirthi.

  • Caitríona Pháidín: Go saolaí Dia í! Bhí an-tóir aici ar na leabhra i gcónaí! Is sásamh
    breá ar Neil é.

  • Seáinín Liam: Ní raibh Neil chomh maith riamh agus a bhí sí an lá ar cuireadh thú, a
    Chaitríona.

  • Caitríona Pháidín: Crap leat, a shean-bhrogúis! Tú féin agus do shean-chroí lofa! Síos
    leat ar Áit na Leathghine. Is ann is córa duit!

  • Máistir Mór: Cé thú féin?

  • Seáinín Liam: -An té a bhfuil croí fabhtach aige.

  • Máistir Mór: -Ah, Seáinín Liam! 'Sheáinín, cén chaoi bhfuil sí féin? An mháistreás,
    cén chaoi bhfuil sí?

  • Seáinín Liam: Ní fhaca mé chomh maith riamh í agus atá sí a mháistir. An bhfuil a
    fhios agat gur in aois na hóige atá sí ag dul. Caithfeadh sé go bhfuil croí folláin aici, a
    Mháistir.

  • Máistir Mór: Bhíodh daoine ag caint. An mbíonn sé sa teach?

  • Seáinín Liam: Nach ndeireann chuile dhuine sa tír nach bhfágann Bileachaí an Phósta
    an teach agat chor ar bith, a Mháistir.

  • Máistir Mór: I mo theach?

  • Seáinín Liam: Cen bhrí ach sa scoil, tugann sé na litreacha do na gasúir agus teann sé
    féin agus an Mháistreás amach sa hall ag comhrá. Ach níl a fhois agat é ná an leath, a
    Mháistir. Ach bhí rud ar m’aire-sa. Níor fhan puth de m’anáil agam. An croí, a Mháistir,
    an croí.

  • Máistir Mór: Ó, an raibléara!


?

Log in

No account? Create an account