?

Log in

No account? Create an account

From Hilbert Space to Dilbert Space


Previous Entry Share Next Entry
Monday Night Irish Class, April 7, 2014
Irish
gmcdavid

Rang Gaeilge, 7ú lá mí Aibreáin 2014

Maidhc Dainín Ó Sé #7 — Southern Hospitality

  • 'Ní dóigh liom gur mhaith liom an oíche a chaitheamh ar an mbaile seo anocht. Tá seoladh agam anseo a fuaireas ó James Crofton, hillbilly atá ag obair i mo theannta,' arsa mise.

    Ní dóigh liom gur mhaith liom an oíche a chaitheamh ar an mbaile seo anocht. I do not think I would like to spend the night on the town tonight
    Tá seoladh agam anseo a fuaireas ó JamesI have this address I got from James
    atá ag obair i mo theanntathat I am working with in proximity

  • Bhí cheithre fichid míle romhainn ach rud amháin ná raibh a fhios againn, gur cúlbhóthar ar fad a bhí san aistear. I bhfad níos measa ná aon bhóthar anseo in Éirinn. Ní raibh aon chomharthaí bóthair le feiscint. Cheapamair fiche babhta go rabhamair imithe amú. Chuireamair ceist ar fho-dhuine a bhuail linn ach ba dheacair freagra a fháil astu. D'fhéachaidís go hamhrasach orainn agus chuiridís cúpla ceist iad féin sula dtabharfaidís aon chuntas.

    ná raibh = nach raibh
    Bhí cheithre fichid míle romhainn ach rud amháin ná raibh a fhios againn, It was 80 miles before us but the one thing we did not know was
    gur cúlbhóthar ar fad a bhí san aistearback roads all the way in the journey
    I bhfad níos measa ná aon bhóthar anseo in Éirinn.much worse than any road in Ireland
    Ní raibh aon chomharthaí bóthair le feiscint.There were no visible road signs
    Cheapamair fiche babhta go rabhamair imithe amú.I thought 20 times we had gone astray
    Chuireamair ceist ar fho-dhuine a bhuail linnWe questioned the odd person we met
    ach ba dheacair freagra a fháil astubut it was difficult to get an answer from them
    D'fhéachaidís go hamhrasach orainn They looked at us suspiciously
    chuiridís cúpla ceist iad féin sula dtabharfaidís aon chuntasThey would ask a few questions themselves before giving any account

  • Tar éis bheith ag taisteal tamall fada thánamair ar shráidbhaile beag go raibh cuma na scríbe uirthi. Tig tábhairne amháin ann agus siopa beag grósaera. Bheartaíomair buidéal beorach a bheith againn chun ár scornach a fhliuchadh tar éis an aistir. Chaithfimis eolas na slí a fháil chomh maith dá mba mhaith linn dul go dtí muintir Crofton. Ní raibh aon Chríostaí istigh sa tíg tábhairne ach an bheirt againn féin agus fear an tí. D'fhéach Frank ar chrot na háite agus d'fhéach sé ormsa. Loirg sé dhá bhuidéal beorach. Bhí an bheoir chomh bog leis an aimsir amuigh. Chuireamair comhrá ar fhear an tí agus d'insíomair ár scéal. Thug sé eolas na slí dúinn mar bhí aithne mhaith aige ar mhuintir mo pháirtí i Sears Roebuck.

    scríbe = scríobrun-down
    Tar éis bheith ag taisteal tamall fada thánamair ar shráidbhaile beag go raibh cuma na scríbe uirthi. After a long time travelling we drove to a small village with a run-down appearance [on it]
    Tig tábhairne amháin ann agus siopa beag grósaera.One pub and a small grocery store
    Bheartaíomair buidéal beorach a bheith againn chun ár scornach a fhliuchadh tar éis an aistir. We planned to have a bottle of beer to wet our throats after the trip
    Chaithfimis eolas na slí a fháil chomh maith dá mba mhaith linn dul go dtí muintir CroftonWe had to know the way to the Crofton people
    Ní raibh aon Chríostaí istigh sa tíg tábhairne ach an bheirt againn féin agus fear an tí. There was no Christian in the pub but the two of us and the bartender
    D'fhéach Frank ar chrot na háite agus d'fhéach sé ormsa.Frank looked at the shape of the place and he looked at me
    Loirg sé dhá bhuidéal beorach.He pointed to two bottles of beer
    Bhí an bheoir chomh bog leis an aimsir amuigh.The beer was as warm as the weather outside
    Chuireamair comhrá ar fhear an tí agus d'insíomair ár scéal. We conversed with the bartender and told our story
    Thug sé eolas na slí dúinn mar bhí aithne mhaith aige ar mhuintir mo pháirtí i Sears Roebuck He told us the way as he knew well the people of my party at Sears Roebuck
  • Ní fada a thóg sé uainn an áit a shroisint mar ná raibh ann ach an t-aon bhóithrín amháin agus an t-aon tig amháin. Tig adhmaid ná raibh cóir ná slacht air. Seana-jeep os comhair an tí amach agus é de chuma uirthi ná déanfadh blúire péinte aon díobháil di. Chnag Frank ar an ndoras ach ní raibh aon fhreagra ag teacht chuige. Cheapas féin go bhfeaca duine éigin laistigh den bhfuinneoig agus sinn ag tarraingt isteach. Chnag sé arís níos bríomhaire an turas seo. D'oscail an doras leath-throigh. Tháinig bairille gunna amach tríd agus buaileadh suas le srón Frank é.

    ná raibh = nach raibh
    Ní fada a thóg sé uainn an áit a shroisint mar ná raibh ann ach an t-aon bhóithrín amháin agus an t-aon tig amháin. It did not take long to reach as only one little road and one house.
    Tig adhmaid ná raibh cóir ná slacht air.Wooden house that was notproper and neat
    Seana-jeep os comhair an tí amach Old jeep in front of the house
    é de chuma uirthi ná déanfadh blúire péinte aon díobháil diIt seemed like a few bits of paint wonld not do it any damage
    Chnag Frank ar an ndoras ach ní raibh aon fhreagra ag teacht chuige. Frank knocked on the door but there was no response to him
    Cheapas féin go bhfeaca duine éigin laistigh den bhfuinneoig agus sinn ag tarraingt isteach. I myself thought I saw someone inside the window as we pulled in
    Chnag sé arís níos bríomhaire an turas seo.He knocked again more vigorously this time
    D'oscail an doras leath-throigh.The door opened half a foot.
    Tháinig bairille gunna amach tríd agus buaileadh suas le srón Frank é.A gun barrel came out and met up with Frank's nose

  • 'O a Mhuire, maith dhom mo pheacaí,' arsa Frank agus dath an bháis ag teacht air. 'Ní fheadair éinne cá bhfuil fód a bháis agus nár lige Dia gur anseo é, mar ná geobhadh ár muintir tásc ná tuairisc orainn go brách.'

    Tháinig seanduine amach agus an gunna dírithe ar Frank fós aige.

    'Are you revenuers?

    maith dhom mo pheacaíforgive my sins
    dath an bháis ag teacht aircolor of death came on him
    Ní fheadair éinne cá bhfuil fód a bháisNo one knows where the sod he dies is
    nár lige Dia gur anseo éGod forbid it here
    mar ná gheobhadh ár muintir tásc ná tuairisc orainn go brách.as our people would never get a tale of death or tidings of us.
    Tháinig seanduine amach agus an gunna dírithe ar Frank fós aige.The old man came out and the gun was still pointed at Frank

  • Thosnaíos féin ag caint leis ansin. Chuireas in iúl dó go tapaidh go rabhas ag obair in éineacht le 'Little Jim' i Chicago. Nuair a chuala sé é sin chuir sé uaidh an gunna agus d'oscail sé an doras. Mhínigh sé dúinn cad ina thaobh gur chaitheadar bheith chomh haireach. Ba iad na revenuers ná lucht an dlí a bhíodh ina ndiaidh i gcónaí toisc a bheith ag déanamh hooch go neamhdhleathach. Tine oscailte a bhí sa tig agus bean an tí ag cócaireacht uirthi. Bhí cailín óg dathúil ag cabhrú léi. Tar éis fáilte a chur romhainn cuireadh inár suí ag an mbord sinn. Chuir fear an tí dhá mhuga os ár gcomhair. Thóg sé próca mór cré anuas de bharr an churpaird agus scaoil sé steall bhreá ghalánta isteach sa dá mhuga as an bpróca.

    Thosnaíos féin ag caint leis ansin.I started talking myself then
    Chuireas in iúl dó go tapaidh go rabhas ag obair in éineacht le 'Little Jim' i Chicago. I told [put the knowledge to him] that I worked together with 'Little Jim' in Chicago
    Nuair a chuala sé é sin chuir sé uaidh an gunna agus d'oscail sé an doras. When he heard that he put away the gun and opened the door.
    Mhínigh sé dúinn cad ina thaobh gur chaitheadar bheith chomh haireach.He explained to us why he was being so careful
    Ba iad na revenuers ná lucht an dlí a bhíodh ina ndiaidh i gcónaí toisc a bheith ag déanamh hooch go neamhdhleathach. Revenuers of the law were following him all the time because he was making illegal hooch.
    Tine oscailte a bhí sa tig agus bean an tí ag cócaireacht uirthi. There was an open fire and the woman of the house was cooking on it
    Bhí cailín óg dathúil ag cabhrú léi. A lovely young girl was helping her
    Tar éis fáilte a chur romhainn cuireadh inár suí ag an mbord sinn.After welcoming us we were put sitting at the table
    Chuir fear an tí dhá mhuga os ár gcomhair. The man of the house put two mugs before us
    Thóg sé próca mór cré anuas de bharr an churpairdHe took a large clay jar down from the top of the cupboard
    scaoil sé steall bhreá ghalánta isteach sa dá mhuga as an bpróca. Let a lovely nice splash into the two mugs from the jug

  • 'Is é seo an braon is fearr a deintear sa cheantar seo,' arsa an seanduine.

    'O, dála an scéil, dúirt 'Little Jim' galún den stuif a thabhairt go Chicago chuige,' arsa mise.

    'Ar m'anam nár chaill sé a dhúil ann le cheithre bliana,' arsa an seanabhuachaill.

    Is é seo an braon is fearr a deintear sa cheantar seo,This is the best drop made in this area
    dála an scéilby the way
    dúirt 'Little Jim' galún den stuif a thabhairt go Chicago chuige'Little Jim' said to take a gallon of the stuff to Chicago for him
    Ar m'anam nár chaill sé a dhúil ann le cheithre blianaOn my soul he has not the desire in four years

  • Bhaineas slogóg as an muga. Ní túisce a dheineas ná gur chaitheas amach as mo bhéal arís é, leis an loscadh a fuaireas uaidh. Ach d'imigh braon beag de síos mo scornach agus chuaigh le m'anáil. Bhraitheas an stuif ag rith síos trí mo chorp go barr lúidíní mo chos ag loscadh a shlí roimhe. Bhain Frank slogóg as a mhuga féin agus má dhein d'aithníos air go raibh sé ag cur dhathanna dhe féin. 'Is é an chéad slog is measa,' arsa an seanduine. 'Ní bhraithfir ag dul síos an chuid eile den dtráthnóna é.' Tháinig fear óg isteach an cúldhoras. Strapaire ard lom. 'Is é seo mo mhac Ralph. Níl aon revenuer i Stát Alabama ná rithfeadh míle uaidh. Bhainfeadh sé an tsúil as phréachán trí chéad slat ó bhaile agus an préachán sin ag eitilt tríd an aer.'

    Bhaineas slogóg as an mugaI took a gulp from the mug
    Ní túisce a dheineas ná gur chaitheas amach as mo bhéal arís éNo sooner I threw it back out of my mouth
    leis an loscadh a fuaireas uaidh.I was burned from it
    Ach d'imigh braon beag de síos mo scornach agus chuaigh le m'anáil. But a small drop left down my throat and went with my breath.
    Bhraitheas an stuif ag rith síos trí mo chorp go barr lúidíní mo chos ag loscadh a shlí roimhe. I felt the stuff running down through my body burning a way before to the tips of my little toes
    má dhein d'aithníos air go raibh sé ag cur dhathanna dhe féinif he recognized him it was putting colors on himself
    Is é an chéad slog is measaThe first gulp is the worst
    Ní bhraithfir ag dul síos an chuid eile den dtráthnóna éYou will not feel the rest of it going down in the evening
    Tháinig fear óg isteach an cúldhoras. Strapaire ard lom. A young man came in the back door. Tall thin lad
    Níl aon revenuer i Stát Alabama ná rithfeadh míle uaidh.No revenuer in the State of Alabama would not run miles from him
    Bhainfeadh sé an tsúil as phréachán trí chéad slat ó bhaile agus an préachán sin ag eitilt tríd an aer. He would get the eye from a crow 300 yard from home and the crow is flying through the air

  • Chroitheamair láimh leis. Bheannaigh sé dúinn go tur. Fuaireamair amach gur Joshua ab ainm don athair agus Lena ab ainm don gcailín óg. Ní fhéadfainn féin ná Frank ár súile a choimeád di agus ar m'anam ach go raibh sí siúd ag cur na súl trínn chomh maith. Ag féachaint timpeall an tí bheadh a fhios ag duine ná raibh puinn teaspaigh orthu, ach ar a shon sin bhí sé deas glan.

    Chroitheamar láimh leis.We shook hands with him
    Bheannaigh sé dúinn go tur.He greeted us dryly
    Fuaireamair amach gur Joshua ab ainm don athair agus Lena ab ainm don gcailín óg. We found out that Joshua was the name of the father and Lena was the name of the young girl
    Ní fhéadfainn féin ná Frank ár súile a choimeád di agus ar m'anam Neither I myself nor Frank could not keep our eyes off of her and on my soul
    go raibh sí siúd ag cur na súl trínn chomh maithshe yonder was putting the eyes through us as well
    Ag féachaint timpeall an tí bheadh a fhios ag duine ná raibh puinn teaspaigh orthu Looking around the house a person would know there were not many comforts
    ach ar a shon sin bhí sé deas glanbut nevertheless it was nice clean

  • 'Fanfaidh sibh anseo anocht. Tá seomra folamh againn,' arsa Joshua.

    Dúrt féin leis go mb'fhearr linn bheith ag druidim tamall ó thuaidh. Scaoil sé braon eile den stuif chruaidh chugainn agus an babhta seo scaoil sé braon chuige féin agus go dtína mhac.

    'Dhera, cá bhfuil ár ndeabhadh ó thuaidh,' arsa Frank ag baint slog eile as an sáspan agus san am céanna ag caitheamh súil ar an gcailín óg.

    Fanfaidh sibh anseo anocht. Tá seomra folamh againnYou will stay here tonight. We have an empty room
    Dúrt féin leis go mb'fhearr linn bheith ag druidim tamall ó thuaidh. I myself said we would prefer to be returning [lit. closing in on, withdrawing to] to the north.
    Scaoil sé braon eile den stuif chruaidh chugainn He gave [lit. released] another drop of the hard stuff to us
    an babhta seo scaoil sé braon chuige féin agus go dtína mhac.this round he gave [lit. released] a drop to himself and to his [how??] son
    'Dhera, cá bhfuil ár ndeabhadh ó thuaidhReally, what [lit. where] is our hurry to the north?
    ag baint slog eile as an sáspan agus san am céanna ag caitheamh súil ar an gcailín óg.Taking another gulp from the saucepan and casting an eye on the young girl at the same time.

  • 'Cuir do dhá shúil ar ais i do cheann, a bhuachaill mhaith,' arsa mise i gcogar, 'nó an bhfuil dearmad déanta agat ar an ngunna a bhí faoi do shrón deich nóimintí ó shin. Má thugann tú gean di sin is é an nós atá sa pháirt seo den ndúthaigh an gunna a dhíriú ar chúl do chinn agus tú féin agus í féin a mháirseáil go dtí an altóir.'

    Cuir do dhá shúil ar ais i do cheannPut your two eyes back in your head
    nó an bhfuil dearmad déanta agat ar an ngunna a bhí faoi do shrón deich nóimintí ó shin. or have you forgotten the gun that was under your nose ten minutes ago
    Má thugann tú gean di sin If you give her affection
    dúthaigh = dúichenative land, home country
    is é an nós atá sa pháirt seo den ndúthaigh It is the custom in this part of the land
    an gunna a dhíriú ar chúl do chinnto put a gun in the back of your head
    tú féin agus í féin a mháirseáil go dtí an altóir.Yourself and herself are marching to the altar




Conditional Vs. Past Habitual #2: Irregulars

  1. I would eat — D'iosfainn
  2. Thou would get — Gheofá
  3. He would come — Thiocfadh sé
  4. She would go — Rachadh sí
  5. We would give — Tabharfaimis
  6. You would be — Bheadh sibh
  7. They would hear — Chloisfidís
  8. I used to get — D'fhaighinn
  9. Thou used to come — Thagtá
  10. He used to go — Théadh sé
  11. She used to give — Thugadh sí
  12. We used to be — Bhímis
  13. You used to see — D'fheiceadh sibh
  14. They used to eat — D'ithidís
  15. I would say — Déarfainn
  16. I used to go — Théinn
  17. Thou would eat — D'íosfá
  18. Thou used to eat — D'iteá
  19. He would get — Gheobhadh sé
  20. She used to get — D'fhaigheadh sí
  21. We would go — Rachaimis
  22. We used to come — Thagaimis
  23. You would give — Thabharfadh sibh
  24. You used to do — Dhéanadh sibh
  25. They would see — D'fheicfidís
  26. They used to hear — Chloisidís



Staid eigeandála i ndá reigiún sa tSile i ndiaidh crith talúin

Fógraíodh ar maidin go bhfuil staid eigeandála anois ann i ndá reigiún sa tSile i ndiaidh do chrith talúin ar láidreacht 8.2 titim amach faoi chóngar don port, Iquique, i dtuaisceart na tíre. Maraíodh seisear ar a laghad agus b’éigean na céadta mílte teitheadh óna dtithe de réir na luathtuairiscithe. Ach tá rudaí tríd a chéile agus dréim leis go rachaidh an líon marbh in airde de réir mar a éiríonn le lucht tarrthála teacht a fhad le bailte is pobail atá buailte ag an chrith talúin. Spreag an crith talúin tsunami ach ní léir go fóill cé chomh mór nó chomh contúirteach is a bhí na tonnta a spreag an tsunami.

fógairdeclare, announce, call out proclaim
crithshiver, shudder, vibrationm3
láidreachtstrengthf3
cóngarproximity, vicinitym1
luathquick
tuairiscinformation, tidings, accountf2 pl tuairiscí
spreagincite, arouse, inspire!! - No exact Irish for "cause"